Táimid ag glacadh le hiarratais don scoilbhliain 2026/27 anois

Applications for the 2026/27 schoolyear are open

Foirm Iarratais ar fáil ag an lipéad ‘Foirmeacha/Forms’ thuas nó ó oifig na scoile. Polasaí Iontrála le léamh ag an lipéad ‘Polasaithe/Policies thuas’.

Application Form available at the ‘Foirmeacha/Forms’ tab above or from the school office. Enrolment Policy available to read at the ‘Polasaithe/Policies’ tab above.

Fáilte isteach agus éistigí leis na leanaí

Welcome and listen to what the children have to say

Bígí ag comhrá linn!

Éistigí leis na leanaí ag plé cúrsaí an tsaoil gach aon tseachtain chun sibhse a spreagadh an rud céanna a dhéanamh as Gaeilge.

Listen to the children discussing different matters each week to inspire you to do the same ‘as Gaeilge’.

Tá Rang a 6 ag cabhrú linn an tseachtain seo dea-bhlas a chur ar an nGaeilge le cúpla seanfhocal. Déan iarracht ceann nó dhó a chaitheamh isteach sa chomhrá!

Rang a 6 are with us this week to help put a bit of seasoning on your Gaeilge with some seanfhocail. Try to put one or two in your conversation!

Gaelcholáiste do Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8

Rang a 5 ag glacadh páirte san agóid lasmuigh den Dáil maidir leis an nGaelcholáiste nua a gealladh don gceantar.

Cluichí Clóis

Seo sampla de na cluichí clóis a mhúin Rang a 5 do Rang a 1. Cluichí de chuid sráideanna Bhaile Átha Cliath cuid acu, gur cuireadh Gaeilge orthu roinnt bhlianta ó shin.

A Mháire Bheag

“A Mháire bheag, a Mháire bheag, A bhíonn i gcónaí ag gáire, An dtuigeann tú, an dtuigeann tú, An lá a bheidh ann amárach? Lá Bealtaine, Lá Bealtaine, An chéad lá geal den samhradh.” “Anois a Mháire dún do shúile. Cas timpeall trí huaire. A haon, a dó, a trí. Cuir amach do lámh agus pioc duine eile.”

Isteach is Amach Trí na Cloigíní Gorma

“Isteach is amach trí na cloigíní gorma, Isteach is amach trí na cloigíní gorma, Isteach is amach trí na cloigíní gorma, Ar maidin gheal an lae.”

“Tap a rap a rapar ar a ghuaillí, Tap a rap a rapar ar a ghuaillí, Tap a rap a rapar ar a ghuaillí, Ar maidin gheal an lae.”

Tionscnamh le ceol agus ealaín á dhéanamh againn bunaithe ar shaothar Ted Furey.

Thug Áine Furey cúirt ar an scoil agus tá na poirt á bhfoghlaim ag na leanaí ó Chiarán Tuairisc. Tourish.

The Devil’s Dream

Seoladh albam de chuid Natalie Uí Chasaide agus Iarfhlaith Uí Dhomhnaill sa scoil aréir, in éindí le Libby McCrohan agus Maitiú Ó Casaide.

Brí, beocht, brón, grá, greann, pleidhcíocht agus diabhlaíocht sa cheol agus sa chur i láthair.

https://natalienchasaideiarfhlaithdomhnaill.bandcamp.com/album/the-devils-dream

chun seilbh a ghlacadh ar phíosa draíochta.

Féilire

Féilire/Calendar

Twitter