Crannchur na Scoile           

Táimid ar bís Crannchur Bhealtaine na bliana seo a sheoladh agus, le breis is 50 duais iontach le buachan, tá rud éigin do chách!

Brúigh ar an nasc thíos chun do thicéid a fháil agus gach eolas a fháil ar na duaiseanna iontacha. Níl ach €5 ar thicéad nó €25 ar 6 cinn.

Ná caill amach agus ádh mór!

https://www.idonate.ie/raffle/CrannchurnaScoileBealtaine2026GSLnO

Beidh an crannchur ar siúl ar an 8ú Bealtaine i halla na scoile agus rachaidh an t-airgead a bhaileofar i dtreo balla dreapadóireachta don gclós.

Míle buíochas leis na tuismitheoirí agus na gnólachtaí áitiúla fiala go léir a thug duaiseanna dúinn.

Bheimis fíorbhuíoch dá bhféadfá:

-Ticéad (nó cúpla ceann!) a cheannach

-An nasc a roinnt le cairde agus clann

-Tacaíocht a thabhairt do na gnólachtaí atá páirteach

Go raibh maith agaibh féin as bhur dtacaíocht. Is mór dúinn é.

School Raffle

We’re delighted to launch this year’s May Raffle and, with over 50 great prizes up for grabs, there’s something for everyone!

Click on the link below to buy your tickets and find out more about the wonderful prizes. Tickets are only €5 each or 6 for €25.

Don’t miss out, and good luck!

https://www.idonate.ie/raffle/CrannchurnaScoileBealtaine2026GSLnO

The raffle will take place in the hall on 8th May and the proceeds will go towards a new climbing wall for the yard.

Many thanks to all the generous parents and local business who have already supported us by donating prizes.

We’d really appreciate if you could:

-Buy a ticket (or two!)

-Share the link with family and friends

-Support the businesses involved

Thank you for you support. We really appreciate it.

Bígí ag comhrá linn!

Éistigí leis na leanaí ag plé cúrsaí an tsaoil gach aon tseachtain chun sibhse a spreagadh an rud céanna a dhéanamh as Gaeilge.

Listen to the children discussing different matters each week to inspire you to do the same ‘as Gaeilge’.

Tá Rang a 1 ar ais arís mar gur gaeilgeoirí den scoth iad! Tá cúpla abairt acu chun cabhrú libh fáilte a chur roimh chuairteoirí as Gaeilge.

The wonderful Rang a 1 are back with a few useful sentences to help you welcome visitors ‘as Gaeilge’.

Córfhéile na Scoileanna

Comhghairdeas ollmhór le leanaí na scoile, a fuair ardmholadh ag an gCórfhéile i rith na sceachtaine. Ba léir gur bhaineadar féin, an lucht féachana agus na moltóirí an-taitneamh as an gcur i láthair.

Cóiriú ceoil don gcór, cumadóir ‘Dia de Los Muertos’ agus tionlacaí pianó - an bhean ildánach, Múinteoir Natalie. Múinteoir Caitlín an ghutha bhinn a stiúir.

Agus bheadh sé deacair an banna ceoil a shárú. Ceoltóirí den scoth iad, agus ní haon ionadh é le Ciarán Tourish mar mhúinteoir acu.

Maith sibh gach duine!

Many congratulations to the children, who received high praise at the Córfhéile during the week. Their enjoyment of the performances, as well as that of the audience and judges was clear to see.

Musical arrangements for the choir, writer of ‘Dia de Los Muertos’ and piano accompaniment - the multi-talented Múinteoir Natalie. Conducted by Múinteoir Caitlín who has a beautiful singing voice.

And of course the wonderful instrumentalists in the band. It’s no wonder they’re such talented musicians with Ciarán Tourish as a teacher.

Well done all!

Fáilte isteach agus éistigí leis na leanaí

Welcome and listen to what the children have to say

Seachtain an Chineáltais

Seachtain an Chineáltais a bhí ann le déanaí agus mhaisigh gach aon rang a ndoras féin le healaín, nathanna agus seanfhocail a léiríonn an cineáltas, an grá agus luach an chairdis. Nach álainn iad!

It was Kindness Week recently and each class decorated their door with beautiful artwork, expressions and proverbs that demonstrate kindness, love and the value of friendship. Aren’t they beautiful!

Gaelcholáiste do Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8

Rang a 5 ag glacadh páirte san agóid lasmuigh den Dáil maidir leis an nGaelcholáiste nua a gealladh don gceantar.

Cluichí Clóis

Seo sampla de na cluichí clóis a mhúin Rang a 5 do Rang a 1. Cluichí de chuid sráideanna Bhaile Átha Cliath cuid acu, gur cuireadh Gaeilge orthu roinnt bhlianta ó shin.

A Mháire Bheag

“A Mháire bheag, a Mháire bheag, A bhíonn i gcónaí ag gáire, An dtuigeann tú, an dtuigeann tú, An lá a bheidh ann amárach? Lá Bealtaine, Lá Bealtaine, An chéad lá geal den samhradh.” “Anois a Mháire dún do shúile. Cas timpeall trí huaire. A haon, a dó, a trí. Cuir amach do lámh agus pioc duine eile.”

Isteach is Amach Trí na Cloigíní Gorma

“Isteach is amach trí na cloigíní gorma, Isteach is amach trí na cloigíní gorma, Isteach is amach trí na cloigíní gorma, Ar maidin gheal an lae.”

“Tap a rap a rapar ar a ghuaillí, Tap a rap a rapar ar a ghuaillí, Tap a rap a rapar ar a ghuaillí, Ar maidin gheal an lae.”

Tionscnamh le ceol agus ealaín á dhéanamh againn bunaithe ar shaothar Ted Furey.

Thug Áine Furey cúirt ar an scoil agus tá na poirt á bhfoghlaim ag na leanaí ó Chiarán Tuairisc. Tourish.

The Devil’s Dream

Seoladh albam de chuid Natalie Uí Chasaide agus Iarfhlaith Uí Dhomhnaill sa scoil aréir, in éindí le Libby McCrohan agus Maitiú Ó Casaide.

Brí, beocht, brón, grá, greann, pleidhcíocht agus diabhlaíocht sa cheol agus sa chur i láthair.

https://natalienchasaideiarfhlaithdomhnaill.bandcamp.com/album/the-devils-dream

chun seilbh a ghlacadh ar phíosa draíochta.

Féilire

Twitter