Sláinte agus Sábháilteacht
Is mian le Gaelscoil Lios na nÓg timpeallacht shábháilte agus shláintiúil a chinntiú dár bhfoireann, dár ndaltaí, dár dtuismitheoirí agus dár gcuairteoirí ar fad agus aithnímid an tábhacht atá leis an reachtaíocht atá rite san Acht um Shábháilteacht, Slháinte agus Leas ag an Obair, 2005.
Féach ar an Ráiteas Sábháilteachta i bPolasaithe.
Foirm Shláinte
Nuair a thagann leanbh ar scoil ar dtús, bíonn ort Foirm Shláinte a líonadh isteach. Má tharlaíonn sé go dtagann aon athrú ar chúrsaí sláinte nó leighis do pháiste i rith na bliana, ná dearmad Foirm Shláinte nua a líonadh agus an múinteoir a chur ar an eolas. Má tá athrú ar do sheoladh baile, do sheoladh ríomhphoist nó uimhir ghutháin, cuir fios ar an rúnaí.
Foirm Thoilthe Ghinearálta
Iarrtar ar thuismitheoiri Foirm Thoilthe Ghinearálta a líonadh isteach ag tús na bliana a cheadaíonn don pháiste freastal ar imeachtaí scoile, mar shampla, turais scoile, cluichí, siúlóidí agus araile.
Health and Safety
Gaelscoil Lios na nÓg aims to ensure a safe and healthy environment for our staff, pupils, parents and visitors, and we recognise the importance of the legislation as laid out in the Safety, Health and Welfare at work act 2005.
See our Safety Statement in ‘Policies’.
Health Form
When a child starts school, parents are asked to fill in an Health Form. If there is any change regarding your child’s health or medication during the year, it is very important that you fill in this form again and notify the class teacher. If you have a change of address, email address or phone number, please inform the secretary.
General Consent Form
Parents are also requested to sign the General Consent Form which allows their children to participate in school events such as school tours, matches, nature walks etc.